About me
Dia Daoibh!
Is mise Cliodhna, bunaitheoir GaelMade, spás cruthaitheach a chuireann an Ghaeilge le dearadh nua-aimseartha.
Thosaigh mé GaelMade mar bhealach chun mo ghrá don teanga a chur in iúl agus í a choinneáil beo i mo shaol laethúil, go hairithe agus nuair a bhí mé i mo chónaí i Sasana. Is é mo sprioc an Ghaeilge a dhéanamh le feiceáil, le caitheamh agus le ceiliúradh sa saol comhaimseartha.
Ní gnó amháin é GaelMade. Is gluaiseacht é. Focal álainn amháin ag an am.